School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá liosanna i gceanntar na scoile. Tá ceann acú i gCúmleitreach agus i Gortnagceann agus i Gortmaghluain agus i gCúas agus i Ladráin agus i Gortreilig. Tugtar óin ortha. Tugtar Páirc na h-Ón ar an áit go bhfuil an ceann i Cúmleitreach. Níl siad i radharc a cheile. Tá sé cearnogach. Níl aon rud timceall air ach tá poll in a thaobh. Chuaidh duine isteach ann tríd an bpoll sin ar a glúinibh; fuair é bodhla adhmaid agus chuaid sé piosa eile agus fuair sé bata sailighe. Deir na sean daoine go raibh tig deanta anuas ar an lios. Gach oidhche deirtear gur cúaladar cuiginn á dheanamh agus daoine ag rinnce fe'n úrlár. Deirtear go bhfuil sé lán de sheomraí beaga. Na Lochlannaig a dhein na liosanna sin dar le daoine cun dul síos ionnta nuair a bhíodh a namhaid ag teacht. Deirtear go mbíonn daoine shide na comhnaidhe ionnta. Níor reabadh ná níor treabadh aon(continues on next page)
- Collector
- Máiréad Ní Sheaghdha
- Gender
- Female