School: Seana-Caiseal (roll number 16745)

Location:
Shanacashel, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seana-Caiseal
  2. XML Page 222
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé bóithre ag dul amach as an Gleann so go dtí áiteanna eile. Tá ceithre cinn díobh ag dul thar na cnocaibh. Bóithre nuadha iseadh an dhá ceann eile. Ceann díobh a dheineadh dhá bhlian deug ó shin ag dul in aice an locha go dtí Loch Carraighe agus an ceann eile ag dul thar Loch a' Chuais go dtí Cíllorglan an baile mór is giorra dhúinn. Seana bóithre iseadh na ceithre cinn eile. Dheineadh iad in aimsear an droch-shaoghal. Geibheadh na fir a bhíodh ag obair an cuid díobh trí scillingne an seachtmain agus geibhidís ocht bpingne an lá ar cuid eile díobh. Bhíodh na mná ag obair ortha cómh maith. Tugtar Bóthar an Ríogh ar an mbóthar atha ag dul thar an scoil. Deineadh é dhá ceud bliain ó shín. Dheineadh é do dheisiú agus do leathnú le deanaighe. Cómhgar go Cathair Saidhbhín iseadh Bealach Óisín. Cómhgar go Neidín iseadh Bealach Béim. Cómhgar go Gleannbheithe iseadh Bearna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Collector
    Máiréad Ní Sheaghdha
    Gender
    Female