School: Seana-Caiseal (roll number 16745)

Location:
Shanacashel, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seana-Caiseal
  2. XML Page 143
  3. XML “Aiste Tadhg Díomhaoin ó Uibh Ráthach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mar tigh, mór, breágh."
    "Ní," arsan "steever."
    "Cadh na thaob" arsa Tadhg.
    "Ní fágfaidhe ann iad" arsan "steever".
    "Cadh a cuireann as iad" arsa Tadhg.
    "An sluagh aerach" arsan "steever."
    "Is fuirist aithint" arsa Tadhg "gur fuiriste an rith do chuir ortha mara bfhuil aoinne ins an tigh mhór breágh."
    "B'in é tigh an mháighistir," arsan "steever" "an raghfá isteach ar feadh aón oidhche amháin."
    "Raghainn" arsa Tadhg "dá bhfaighinn maide maith cuilinn"
    Gheobhaidh tú agus gach nídh eile a theasteóchaidh uait agus cúig púint mar phágh.
    Dubhairt an "steever" lé Tadhg dul isteach sa tuighe arís agus dul a chodhladh agus d'imthig sé féinig go dtí an mháighistir agus d'innis sé dho cadh dubhairt Tadhg leis. Thug an mháighistir órdú dhó dhuine dos na buacaillí a bí ag gearradh an choirce a chur a' diarraidh ráil mhóna agus an glas a bhaint den doras agus agus teine bhreagh do dheanamh ins an thig i gcoir na h-oidhche agus do déin sé mar adubhairt an mháighistir leis. Ar theacht na h-oidhche do chuaidh sé isteach go dtí Tadhg arís agus dubhairt sé leis eíriughadh suas má bhí fhonn ar dul isteach sa tigh mhór i gcóir na hoidhche.
    "Go maith" arsa Tadhg. "bhfuil go haon nídh agat dom mar do gheallais dhom."
    "Tá arsan "steever," ag tabhairt an cúig púint do.
    "An bfhuil an maide cuilinn agat," arsa Tadhg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Maitéas Ó Gríbhthín
    Gender
    Male
    Address
    Gortmaloon East, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Seagha
    Gender
    Male
    Address
    Shanacashel, Co. Kerry