School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'fiafruig sé dhe.
"Cadh na thaobh nár hiaráil tú(?) indiu."
Ach dubhairt Tadhg leis nár hiaráil aoinne (?) é.
"A hiarailfá anois." ar seiseann
"Hiaráilfainn (?) arsa Tadhg.
"Teanam lém cois." arsa fear a' chapaill "agus tabhairfidh mé an págh cheadhna dhuit atá agam a thabhairt don cuid eile dos na fir (?) do hiaráiléas indiu."
D'imthig Tadhg léna chois go dtí gur dheineadar amach an tig. Bhí fiche fear sa thig roimis do hiaráil an "steever" an lá san ar an margadh agus do chuir an "steever" Tadhg isteach lé na gcois go tigh mhór go raibh tuighe mar leabhaidh acu go léir agus do codhladar go sámh ins an tuighe agus go mór mhór Tadhg mar bhí sé an-thuirseach an fear bocht tar éis siubhail go Cloichín a' Mhargaidh. Go moch ar maidin Dia Luain do ghlaoidh an "steever" ar na fir go léir chun bheith amuigh chun oibre agus do láimhsig gach fear a chorrán féin, agus d'imthigeadar fé dhéin an ghort choirce, agus do luighe na fir isteach ag obair, gach fear 'na iomaire féin. D'fhan Tadhg siar go dtí an fear deanach mar stroinséir a beadh é ins an áit agus do thosnuigheadar ag gearradh agus do thosnuig Tadhg leis agus roimh aimsir breicféast bhí Tadhg ag barra a iomaire féin agus ní fad ó'n mbun a bhí an chuid eile dos na fir in aoncor. Nuair a tháinig an "steever" a ghlaodhach(continues on next page)- Collector
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Gortmaloon East, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Seagha
- Gender
- Male
- Address
- Shanacashel, Co. Kerry