School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aon bac a dheanamh leis an cheist mar bhféidir gur dheachair í réidhteach.
Tháinig sé abhaile agus an oidhche sin ghaibh an chamhtha isteach chúcha mar ba ghnáth. Sheas bean a’ tíghe agus a sise “Dá mbeitheá annso go ndéanfhaidh cuilinn (M) mhuire ded’ chroidhe né cuirfear aon cheist ort”. Leis sin fuair sí cnag sa leacain gur fhan an marc uirthi go cheann bliadhna. Leagadh an lampa le buille caidhreáin annsan bhíodar sa doircheacht. Sheas muinntear a’ tighe is thosnuigheadar ag caitheamh leis na púcaí. Bhí gleo is gáire le closaint ar feadh na oidhche agus fuair na cailíní aimsire buillí chómh maith le aoinne eile is ní rabhadar (cómh) díomhaoin ach chómh beag le cách.
Níor tháinig aon stad ar an phléasgadh go dtí breacadh a’ lae nuair do ghluais an sluaigh amach an doras uatha. Bhí rian na gcadhrán ar na Gearaltaig go ceann i bhfad ach chuir an oidhche spóirt san deire leis na cuairteóirí agus an pléasgadh a bhíodh aca gach oidhche.- Informant
- Tomás Micil Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Inse Fhearann na gCléireach, Co. Kerry