School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 298
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cearnóige agus bhíodh gach rann díobh níos giorra ná an rann eile go dtí go mbíd[ís] trí orlaighe ar fhaid ar a bharr. Chuirimís bualaighe ar a bharr annsan ar eagla go gcuireadh na slata sgeoin ar na héanaibh.
    Chuirimís bogha righin sailighe ó chúinne go cúinne eile agus annsan [a] gheibhimís "baitín bréagach" nú gabhlóigín chun cur i gcoinnibh an fhráma. Tré lúb na gabhlóige [a] chuirimís slat eile. Bhíodh sé fén bhfráma agus bheireadh sé greim ar an mbogha a bhíodh ó chúinne go cúinne. Gheibhimís slata éadtromatanaidhe annsan agus chuirimís mar lochta treasna an bhogha a bhí lámh leis an dtalamh.
    Chuirimís caora dearga, sceachóidí, arán nú piasta ar an dtalamh fén bhfráma agus nuair a shataileadh sn t-éan ar an lochta thuiteadh an cliabhán air agus bhíodh an t-ean i bpúnc. Chun breith ar lon [a] bhíodh an cliabhán againn. Agus dá dtagadh spideoigín isteach ar dtúis, gheobhadh sé fógra maith gan teacht arís acht lon do chur (chuir sa lámhscríbhinn)chughainn. Bheirimís orrtha le leacacha leis agus sa tslighe chéadna.
    (Mé féin do scríobh é.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish