School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 293
  3. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Anois is airís do chídhfeá bróga bun adhmaid á gcaitheamh, acht ní bhíonn siad in úsáid de ghnáth. Leasuightí leathar sa pharóiste fadó mar atá "tanning hole" ar chnocán i lár an tsléibhe i dtalamh Dhiarmuid Uí Shéaghdha - baile fearainn Ráth ar an dtaobh thiar den bparóiste. Cloisim go raibh an leasúghadh sin ar siubhal ann suas le céad blian ó shoin acht níl [a] fhios ag éinne cérbh iad na daoine a choimeád an leasúghadh ar siubhal. Tá an poll le feiscint fós.
    Níor airigheas riamh go gcaithtí de sheithí ainmhidhthe timcheall na háite seo, acht fadó nuair [a] bhíodh lá móna aca, bhíodh na fir oibre go léir cosnochtaighthe agus fiú amháin agus clais á dhéanamh nú díog á thaoscadh ní bhíodh bróga ar na daoinibh. Do chonnaic mé daoine ag teacht ó Ghleann Garbh go Neidín dachad blian ó shoin a mbróga ar a ngualnaibh chun go mbeidís i ngiorracht ceathrú míle ón mbaile nuair [a] bhuailfidís orrtha iad.
    Ó Phádraig Ó Laoghaire, Droim an Ghoirtín, aois 74 bl.
    Ó Mhurt Ó Séaghdha, Cill an Bhunáin, aois 94 bl.
    Ó Dhonnchadh Ó Súilleabháin, Duílios, aois 79 bl.
    do fuaireas é. Táid ina mbeathaidh fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. shoes (~1,841)
    Language
    Irish
    Informant
    Donncad O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    79
    Address
    Deelis, Co. Kerry
    Informant
    Murt O Séaghdha
    Gender
    Male
    Age
    94
    Address
    Killabunane, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig O Laoghaire
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    Dromagorteen, Co. Kerry