School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 273

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 273

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 273
  3. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Maidir le marc níor airigheas riamh go gcuirthí aon tsaghas de ar chliathán nú tóin na meidre. Sa Samhradh deintear an chuigionn dhá uair sa tseachtmhain acht sa Gheimhreadh uair sa tseachtain agus is minicí ná sin ní deintear í ach uair sa choithcighís mar ná bíonn an bainne raidhseamhail ag na feirmeoiríbh. Agus um Nodlaig bíd ag cur braon i leath-taoibh le haghaidh cuiginne go mór mór agus na ba ag dul i ndísc.
    Sara dtáinig an bóthar iarainn go Neidín is go Corcaigh [a] chuireadh na feirmeoirí a gcuid ime ins na feircínibh. Dob é (Bhí sa lámhscríbhinn) Pádraig Ó Conchubhair ó Dhoire na gCúlach an cairréirí a bhíodh aca agus nuair [a] bhíodh ualach ullamh aige bhuaileadh sé chun bóthair agus thugadh sé mórán earraí abhaile leis -cuir i gcás tae, siuicre, salann, plainncéidí agus rudaí eile.
    Fadó ní raibh ag na daoine acht na seana-mheadracha agus bhuaileadh gach duine sa tigh greas uirthir go dtí go mbíodh sí déanta. Bhíodh sí déanta taobh istigh de uair go coitchianta acht uaireanta chaithidís uair go leith á bualadh sara mbíodh sí déanta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish