School: Cromán (C.) (roll number 12821)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 319

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 319

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (C.)
  2. XML Page 319
  3. XML “An Árstéidin Marbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Árstéidin Marbh
    Bhí árstéidin i nGlencár fadó. Aon oidhthe amháin bhí sé ana bhreóite agus fuair sé bás. Gach aon oidhche do bhíodh sgata buachaillí ag teacht abhaile ó’n dtig a bhíodh rínnce ar siúbhal fadó, agus gach aon oidhche ó’n oidhche a fuair an árstéidin bás do bhíodh fear ag dul an bóthar agus é istig sa cairt agus capall dubh aige. Gach oidhche biodh eagla ar na buachaillí ach tar éis tamall do bhí aithne aca air. Dúbhairt siad gur b’é an t-árstéidin a fuar bás agus go raibh sé ag déanamh a phurgeóireacht mar sin. Annsan chuaidh na buachaillí go dtí an sagart parróiste agus dúbhairt sé an céud oidhche eile a bheadh sé ós gcóir amach agus dúbhairt an sagart le buachaill amháin. E dul go dtí an cairt agus a lámh a chur ar na h-éadaighe a bhí ar an áristéidin. Do dhéin an buachaill an gnímh sin agus nuair a dhéin sé é do dhóitheadh a lámh san aer. Annsan dúbhairt na daoine go léir go raibh sé ag déanamh a phurgadeóireacht mar sin.
    Bríd Ní Chárthaigh. Cromán Iochtar. Cill-Orglain
    Fuaireas an sgéul so ó;- Dómhnaill Mac Cárthaigh. Cromán Iochtar
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríd Ních Chárthaigh
    Gender
    Female
    Address
    Cromane Lower, Co. Kerry
    Informant
    Dómhnall Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Address
    Cromane Lower, Co. Kerry