Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)

Suíomh:
Cromane, Co. Kerry
Múinteoir:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (C.)
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus Sean Ó Súileabhain an ainm a bhí air.
    Bhí sé 'na chómhnaidhe i Lios Na Gaoithe i dtig beag deas.
    Fear bocht a b'eadh é.
    Bhi carann ubhall aige.
    Aon lá amháin chuaidh sé amach agpiocadh na n-ubhall chun iad do dhíol.
    Ar a shlíghe go dti an sráid do bhuail fear leis.
    D'iarraidh an fear san air dul in-aoinfeacht leis féin chun prataí do bhaint.
    Bhí Seán sásta agus amach leo.
    Ar maidin 'na dhiaidh san chuaidh sé amach ag baint na bprátaí ach ní raibh sé i bhfad na gort nuair a chuala se glór mór fé na chosaibh.
    Do lean sé á mbaint go dtí gur bhuail fircín óir leis.
    Do chuaidh sé abhaile go dtí a tig féin agus ní raibh aon easbadh airgid air as san amach.
    Máire Ní Choncúbhair
    Glaise
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Choncúbhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cromane, Co. Kerry