Scoil: Gleann Fleisge

Suíomh:
Glenflesk, Co. Kerry
Múinteoir:
Donnchadh Ó Spiolláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 927

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 927

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Fleisge
  2. XML Leathanach 927
  3. XML “Diarmuid 'Ac Séamus an File”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Diarmuid ‘Ac Séamus an File
    Bhí file ‘na chómhnuige annso i nGleann Fleisge suas le céad blian ó shoin nó mar sin agus Díarmuid Ó Conchubhair ab ainm dó ach Díarmuid ‘ac Seamuis a glaoidtí air. Do chómhnuig sé i gCuimín-a-bhric láimh leis an teorainn idir Chiarraighe agus Corcaighe. Do phós sé bean de mhuinntir Scannaill aduaidh ó’n Ráth Mhór. Bhí sé cómhgarach i ngaol le Finghín agus Tadhg Ó Scanaill an filí agus thagaidís a duaidh thar cnoc go minic á fiosrú. Thánaig duine aca – tá sé ráidhte gurbh é Finghín a bhí ann isteach cuice lá cruaidh fúar earraig agus do shuidh sé in aice na teine. D’fhiafraig sé dhi cá raibh fear a’ tighe agus dubhairt se go se amuig a’ d’iarraidh ag teacht cun an doras leis an gliseán móna do labhair Finghín sa cuinne agus dubhairt sé
    “Tá an file seo na asal mar measaim
    Ag tarrac na móna cugainn” ac d’freagair Diarmuid mar seo “Is cun loirgne bacaig do bhreacadh do ceapadh an mhóin ar dtúis.”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge