School: Cromán (B.) (roll number 12820)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (B.)
  2. XML Page 127
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Seán ón mbórd agus chroth sé é féin an an t-úrlár.
    Tháinig, sé troigthe sé órlach ann. Scannruigh an bhean bhocht, “A sheáin cad tá teacht ort”
    “A mháthair” arsa Seán “tabhair an biadh san i gcómhnuidhe domh-sa, agus ní bheir sibh a’ glaoidh, Seánin na luaithruigh a h-uil orm-sa”. “Mo chroidhetha, Sheán, déanfadh mo dhícheall duit má fhanainn tú id fear cómh breág san i gcómhuidhe”. “Seadh” a mháthair “ teastuigheann bean uaim anois”. “A Sheáin cá bhfuigheadh í tá’n tú ró-bhocht, “Ní beid-se bocht fós”. Chuaidh sé dtí an coill.
    Tharraing sé crann mór as a préamhacha agus thug sé leis abhaile é.
    Dúbhairt sé le na mháthair, císte a dhéanamh do, “Cá bhfuil tú ag dul, a Sheáin “. Adúirt a mháthair “Táim ag dul dtí an Domhain Thoir” “Cé an gnó atá annsan agat” “Tá inghin Rí ann agus caithfeadh í le pósadh” Ceap a mháthair go raibh sé cricáile.
    D’imthigh sé leis leis an crann mór in a láimh aige
    Tháinigh sé dtí an geata ins an áit mar cómhnuigh an Rí agus d’imthigh sé beag arís.
    Bhí saighduúirí ag an geata roimis “Cá bhfuil an tú ag dul a garsúin” ars an saighdúirí. “Táim ag dul a déirfidh inghin an Rí” adubhairt Seán.
    Gáirigh an saighdúir fé. “Imthigh leat nó íosaidh na gadhair tú” “leog isteach mé” adhúbhairt Seán. “Mara imeoir tabhairfidh mé clouta dhuit”.
    Thóg Seán suas an crann mhóir ara láimh agus mhairbh sé an saighdúir le aon buile amháin. D’imthigh Seán leis dtí an palás. Tháinigh na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Caomhán Ó Ealuighthe
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Bean Thaidhg Mhic Lochlainn
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female
    Age
    58
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry