Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
Cromane, Co. Kerry
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 069
  3. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad dingéan as piosa admad.
    Cuireann siad páipéar fliuch isteach ann mar piléar.
    Cuireann siad piléar eile isteachann agus tiomáineann siad an dingéan tríd an bairrle agus imthígheann an piléar.
    Deineann siad topaí d'adhmad agus cuireann siad tairgne gan ceann mar ruibhne air.
    Deineann siad "Cubby Houses" inaice an chlaidhe.
    Cuireann siad cloca inairde ar a chéile, sé órlaighe ar aoirde mar fallaí.
    Annsan cuireann siad píosa clairín mar bórd agus cloca mar cathaoireacha agus cuireann siad cupáin briste ar an mbórd.
    Deineann siad dolanna chun breith ar coiníní.
    Gheibheann siad an sreang i gCill-Orglan agus cuireann siad sé cinn le céile.
    Annsan cuireann siad dhá shúil air, agus gheibheann siad córda láidir agus ceangluigheann siad le piosa adhmaid é.
    Annsan cuireann siad an dol ar casán an choinín.
    An Fóidín:- Gearann síad fód ar an mbán, timcheallnaoi n-orlaighe ar fhaid agus ceithre órlaighe ar leithead.
    Annsan tochluigheann siad poll fé'n bhfód agus cuirtear meatháin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Séaghda
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Brosnacháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)