School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Teacher: Bean Uí Shíodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 259
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go leir nach mór 'na "teagmhálta".An birín dearg:-
Imruighimíd an cluiche seo amuigh ar an mbóthar 'san nGeimhreadh.
Imruighimíd mar seo é.
Beimíd go léir n-ar suidhe ar stól, agus bíonn an duine is sine de na cluicheóiribh na ceann-cluicheóir.
Gheibheann sí an birín agus lasann sí ar an dteine é.
Deirenn sí leis an gceud cailín.
"Seo mo bhirín dhuitse" agus freagrann an chéud cailín-
Cad is birín dhuit-se"?.
Dá bhfaighinn-sí bas idir do dhá láimh,
Bhead an "trom trom" ort.
An cailín a bhíonn an birín aice nuair a mhúcann sé, cuirtear "trom trom" uirthi.
Caithfidh sí teacht amach agus luighe ar a h-aghaidh ar an úrlar.
Cuireann an ceann-chluicheóir rud éigin mar "trom" ar a drom, chur i gcás- bróg, nú fód móna, nú rud eile.(continues on next page)