Bóithre an Cheanntair Is iad so na h-ainmhneacha atá ar na boithre ’san gceanntar so :- bóthar an loca, bóthar an phortaig bóthair an leasa agus bóthar Cromáin. Tá bóthar an loca dennta le ceudta bliain agus bóthar an leasa dennta geall le 50 bliain. Tá bóthar an phortaig dennta geall le 40 bliain agus bóthar Cromáin dennta trí bliadna deug. Níor deineadh aon bóthar san áit seo in aimsir an droch-shaoghail sgilling an lae a bhíodh mar págh ag na fir san aimsir sin. Ní bhiodh aon mná ag obair ar na bóthaire. Níl aon sean-bóthar ‘san gceanntar anois ach fadó bhí alán casán ann. Bríd Ní Shéadhgha, Tóchar, Cill-Orglan Fuaireas an sgéul só ó- Pádruig Ó Mórcadha 49 b. D’aois
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »