School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fúithi go gcuireadh sí cúmhar na fairrge in íochtar, agus íochtar na fairge in-uachtar, sa t-slíge go mbíodh péistí aidhmhéala na fairrge ag teacht ar buis 's ar bais agus ar slais mhaide rámha ag deanamh ceóil spóirt, agus aoibhneas' 's ual-mhuisnigh(?)/ uaill-mhisnig de's na laochra calma a bhí ar bórd, riamh 's coidhche go drángadar go h-Oilean an Uaignis.
Chuir Banrioghan an Oileáin sin céad míle fáilte rómpa. Chuir sí cathaoireacha airgid fé'n mbeirt driotháir críona, agus cathaoir óir fé'n driotháir óg, is bhí iongadh ortha ca' na thaobh gur dhein sí é sin. Níor labhair sí a thuille leótha go raibh sé an am aca dul a choladh agus d'fhiafruig sí annsan den bheirt críona ar mhaith leo coladh i dteannta chéile, agus dúbhradar gur mhaith.
Annsan d'fhiafruig sí dhíobh cad iad na h-ainmeacha a bhí ortha, agus dúbhairt an Mac Críona: "Art Airm-Nirt Rígh Gréag m'ainm-se"; "Traolach, Airm-Nirt m'ainm-se, agus an tarna mac Rígh Gréag", arsa an tarna driothár; "agus tusa?" ar sise leis an mac óg. "Mise", a dhubáirt sé, "Ubhall Airm-Nirt, an mac is óige Ríogh Gréag".(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- P. O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry