Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 061

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 061

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 061
  3. XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fúithi go gcuireadh sí cúmhar na fairrge in íochtar, agus íochtar na fairge in-uachtar, sa t-slíge go mbíodh péistí aidhmhéala na fairrge ag teacht ar buis 's ar bais agus ar slais mhaide rámha ag deanamh ceóil spóirt, agus aoibhneas' 's ual-mhuisnigh(?)/ uaill-mhisnig de's na laochra calma a bhí ar bórd, riamh 's coidhche go drángadar go h-Oilean an Uaignis.
    Chuir Banrioghan an Oileáin sin céad míle fáilte rómpa. Chuir sí cathaoireacha airgid fé'n mbeirt driotháir críona, agus cathaoir óir fé'n driotháir óg, is bhí iongadh ortha ca' na thaobh gur dhein sí é sin. Níor labhair sí a thuille leótha go raibh sé an am aca dul a choladh agus d'fhiafruig sí annsan den bheirt críona ar mhaith leo coladh i dteannta chéile, agus dúbhradar gur mhaith.
    Annsan d'fhiafruig sí dhíobh cad iad na h-ainmeacha a bhí ortha, agus dúbhairt an Mac Críona: "Art Airm-Nirt Rígh Gréag m'ainm-se"; "Traolach, Airm-Nirt m'ainm-se, agus an tarna mac Rígh Gréag", arsa an tarna driothár; "agus tusa?" ar sise leis an mac óg. "Mise", a dhubáirt sé, "Ubhall Airm-Nirt, an mac is óige Ríogh Gréag".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Dheada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    P. O' Mórdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí