School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 052
  3. XML “Scéal Eile ar na Murúchaibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó do mhair san Mhachaire i gCorca Dhuibhne iascaire a bhí go fuar agus go dealbh.
    Bhí triúr clainne aige - beirt mhac 's ingean; agus do cailleadh a máthair nuair bhíodar san féin ana óg.
    Bhíodh sé a' tuilleamh roinnt bheag airgid, ar iascach 'na naomhóig bhig féin. Bhíodh glaodhach ar ghleamaig 's ar bhallaig san am san, agus bhíodh sé gach lá breagh nách mór ag cuardach na dóightheanna cois failleach na n-oilean, agus ar an dtalamh salach ó Bhaile Uí Thaidhg go Srón Bhruinn.
    Aon lá amháin do choinnibh sé chómh achmuir do'n talamh is d'fhead sé mar bhí mairceiréil ag leanamhaint an t-saláin chómh fada isteach leis an gcloich, agus theastuig na maircéiréil uaidh ní h-amháin chun a n-ithte ach go mbeidís aige mar bháidhte péardóg chómh maith.
    Lá breagh samhraidh dob eadh é agus bhí súile aige le ládáil. Chaith sé amach a chuid líon, agus d'fhan sé annsan sa chor san ar feadh uair' a chluig sar ar chuimhnig sé ar iad do tharrac. Bhí an lá chómh ciúin sin, gur shín sé siar, agus léig sé de'n naomhóig a bheith a tarrac léithi ar an dtéad cinn lín. Tar éis uair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Dhéadha
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    Pádruig O' Morda
    Gender
    Male
    Age
    89