School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 121
  3. XML “Gadaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 121
    Gadaidhthe:
    Fadó, go bhí beirt driothár ann, dár b’ainm dóibh Seán agus Séamus. Fear bocht dealbh dob eadh Séamus, ach níor mar sin do Seán é, bhí sé go maith as, agus feirm mhór talmhan aige.
    Lá amháin, do chuaidh Séamus bocht a triall ar an gcoill le h-asal agus le mála mór, chun adhbhar teine do sholáthar, agus é thabhairt abhaile sa mhála ar dhrom an asail. Nuair tháinig sé i lár na coille, chonnaic sé cloch mhór na seasamh ann, agus níor stad sé go ndeaghaidh sé ó’s a coinne amach agus díreach agus é nach mór buailte leithi do baineadh geit as, nuair a thug sé fé ndeara triúr bitheamhnach a dul isteach fé bhun na cloiche agus mála mór trom ar iompar aca. Ní fheacadar san Séamus in ao’ chor, mar bhí sé ar scáth chrainn, agus deabhadh c[h]un siubhail ortha san.
    Ní fada bhí sé a’ feitheamh, feuchaint cad a tharlóchadh, nuair a chonnaic sé iad a teacht tar nais arís agus ag greadadh leo amach as an gcoill.
    Nuair a bhraith sé imighthe iad, tug sé fé dhéin na cloiche arís, ach nuair a tháinig sé a triall uirthi, chonnaic sé an scríbhinn “oscail a ghaláin!” scríbhte ar chliathán na cloiche, agus thuig sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0676: Open Sesame
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlin d' Mórda
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    Patson Ó Ruairc
    Gender
    Male
    Age
    73