School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 146

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 146

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 146
  3. XML “An Sagart a Bhí Damanta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí sagart óg i gCaisleán Ghriaire fado, agus bhí sé feín 'san Sagart Paróíste na gcomhnaidhe i dteannta chéíle thios ar an "Loch mBeag." San am san bhí sáipeal i mBaile Dubh, agus do ghluais an Sagart Óg maidin De Domhnaig fé dhein an Bhaile Dhuibh chun an Aifrinn do rádh. Ní h-ins an áit cheadna a bhí an bóthar siar an uair sin, is mar atá sé indiu. Bhí a mhalairt ar fad de chosán a dul ann. Nuair a tháinig an Sagart Óg go Cíll Chuimín, dob éigean do dul thar abhain annsan; agus nuair a bhí an abha treasnuighthe aige, d'fheuch sé na dhiaidh, agus cad a chífeadh sé ach bean anáirde ar chapall agus í ar sodar 'na dhiaidh.
    B'ait leis mar scéal é, mar nár tharlaidh a leithéid roimis sin, agus ní fada chuaidh sé nuair a d'feuch sé 'na dhiaidh an tarna h-uair. Má d'fheuch thug sé fé ndeara gur bean spéireamhail áluinn í, chómh h-áluinn is luig súil duine riamh uirthi. Seo leis chun bóthair siar, agus thug sé spuir da chapall, ach sar ar tháinig sé chómh fada leis an sáipéal thug sé fúechaint eile thar a ghualainn siar, ach má thug tháinig criothnú croidhe air, ná feachadh sé riamh, agus nár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756B: The Devil's Contract
    Language
    Irish
    Collector
    Padruig O Seaghdha
    Gender
    Male
    Age
    14
    Informant
    Eamon Ó Neill
    Gender
    Male
    Age
    60