School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéalta ar na (mbrúchaibh) = Muirbhrúchaibh
Bhí fear ar an "dTír" fado, ba mhaith leis eirighe go moch gach maidean Domhnaigh, agus dul ar an Aifreann. Nuair 'thagadh sé abhaile thugadh sé tamall de'n lá ar failleacha na fairrge. Domhnach amháin agus é ar bharra faille, 'chonaic sé uaidh síos 'na suidhe ar chloich, an bhean ba bhreághtha dár luigh [?] súil duine riamh uirthi. Bhí ceann fionnruadh [?] gruaige uirthi, agus í ag cíoradh a cinn ar bharra cloiche. D'éalaig sé síos, agus nuair bhí sé a' dul in acmhair di, thug sé fé ndeara"brat draoidheachta" na tímpeall.
Do chualaidh sé go minic roimis sin mar gheall ar bhrúchaibh agus an brat céanna san. Phreab sé láithreach ar a bhairricíníbh agus seo leis leath-'s-tiar di agus d'eirigh leis teacht chómh cómhnarach san di, gur dh'fhéad [?] sé an brat draoigheachta do sciobadh dhi, a bhí tímpeall uirthi. D'fhéach sí i dtaobh thiar di féachaint cad do tharla dhi, agus nuair chonnaic sí cé bhí ann, níor [?] (fháiltuig) fáiltidh sí roimis, ná níor léig sí uirthi go raibh sochma aici roimis, ach chómh beag.
"Is mór é mo ghrádh dhuit", ar seisean léithi, "agus an dtiocfá liom agus me(continues on next page)- Informant
- Míchéal Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Tír Uachtarach, Co. Kerry