School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 5)
Scéal beag é seo d’innis Séamus d’hÓrdha dhom a chualaidh sé féin ó na mháthair a bhí sa lios i bparóise Bhreanndáin. Tá Séamus anois in aois a 72 bhliain, agus é ‘na chómhnaidhe le na ingin, i mBaile na Leacan i bparóiste Chlocháin. Tá tre bliana ó shoin ann á scríobhas an scéal beag so uaidh.
S. Ó Loingsigh OS.Bhí fear dall fadó i mbaile an Chnocáin i bparóiste Mórach thiar i nDuibhneachaibh.
Ba leis baile an Chnocáin ar fad san am san. D’imigh sé féin agus a ghiolla ar a lorg ó áit go h-áit, gur chuadar chómh fada le Caisleán Cinn Bhéara.
Ins an am san is amhlaidh a seoltaí na capaill chun an aonaig fé mar a deintear leis na beithidhig anois. Chuaidh an dall ‘s a ghiolla go páirc an aonaig chómh maith le cách. Nuair chuir an giolla in iúil de’n dall, é bhéith i lár an aonaig, is amhlaid do ghlaodhuig sé sin amach in árd a chinn sa ghotha ar ainmeacha na gcapall, agus láithreach seo a triall air iad.
Do chuaidh sé annsan i láthair an Chirt(continues on next page)- Collector
- S. Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Séamus d'h Órdha
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Baile na Leacan, Co. Kerry