Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Agus taréis a scéil d’innsint do Mhaor Chirt an Aonaig, do moladh do iad.
Do ghluais sé leis ann san abhaile leótha, ach ní raibh a lán den slíghe abhaile curtha dhe aige, nuair tháinig a namhaid ‘na dhiaidh, agus do baineadh de na capaill arís tar nais.
Tháinig sé abhaile annsan gan capall gan dhíol: agus nuair a ceistigheadh é ag baile ‘na dtaobh seo mar dhúbhairt sé:
D’fhágas-sa an Caiseal ar maidin
Dia h-Aoine go moch
‘S do fuaireas mo chapaill ar mharga an
ríogh gan chion
Ar mo theacht abhaile do casadh mo naimhde ionam
‘S faríor sealbh níl capall ná díol agam.Mo láirín loirgeach do bris go deó mo chroidhe
‘S láir an chumais nar mhiste dhi an cómhar
do dhíol
An Cairiún fireann do chuirfeadh an fód na luige
‘S mo chúig chéad mallacht duit a Chaisil Chinn.
Bhéara thíos.
(ar leanmh?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Séamus d'h Órdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Kerry