School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 134
  3. XML “Na Potaí Gliomach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Go dtí le deanaighe anuas, le fiche bliain nó mar sin, bhíodh a ceathair nó a cúig de naomhóga i gCeann Áird agus oiread ceadna ach go h-áirighthe ar an Min Áird thíos agus mar sin de sa tímcheall ins gach aon bhaile beag ar bhruach na fairrge faid is chuaidh m'eólus. Bhíodh fearaibh na mbailte sin gnóthach go leór i ruith bhiadhaiste na ngliomach agus is minic a deineadh airgead mór ar na gliomaig. An dtaca so bhliain- sa gheimhre bhíodh griothal agus geóch ar gach aon chriú naomhóige ag bailiú sliotarnaighe chun potaí na ngliomach do dhéanamh. Gaibhidís thíos ar Currach na Min Áirde é nó ar Churrach na Gairbhtheanaighe - seadh mhuise agus is minic a theighidís comh fada leis an gCam thoir agus nuair théigheadh diobh an saileach d'fhághail na comhangar teighidís go taobh na leitriúig. Bhídís ag ruith le chéile mar bhíodh cuid maith ag teastáil d'fhonn 40 nó as san go 60 pota a dhéanamh. Bhíodh suas le 40 pota ag gach naomhóg. Ní cuiridís amach (ar an bhfarraige) ach cuid acu-san, d'fhágaidís cuid acu istig spartha mar bheadh ceann ag imtheacht gach stoirm a tagadh sguabadh sé cuid acu chur siubhail leis. Bhíodh céard ar na potaí dhéanamh agus caithidís tosach an Earraig ar dú'dalla leó a ndéanamh. Ní mór an maith a bhíodh ins na seana-photaí. Bhídís dreóidhte briosg taréis an bhiadhaiste a bheith caidhte ar an bhfarraige acu agus an cuid eile de'n mbliain ar lochta ag dreó. Bhíodh fear ag glanadh na slapar le sgiain, fear eile agus na slata tiagartha láidre aige á sgoltadh i slighe is gur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry