School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 058

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 058
  3. XML “An Scúnar - Mary of Glenavy”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Scúnaér- Mary of Glenavy
    Bhí m'athair ar an gcnoc so thuas ag foghlaéreacht nuair a chonnaic sé chuige aniar an t-árthach ag déanamh ceann ar aghaidh isteach ar an mbéal. Bhí na seólta stracaite na ngeártaérí mara mbeadh go raibh, má bhí aon eólus acu ar an áit, d'fhéadfaid-is easadh béal chuan-a-Daingean isteach. Nuair a thánadar geaird isteach, nuair chonnacadar tráig a bhéil thugadar iarrachtar í "jibeáil", í chasadh tímcheall amach ó dheas,ach toisg ná raibh na seólta acu is amhlaidh a caitheadh isteach í le gála aniar 'dtuaid. Sgoileadar fe'n bhfaill í á cheapa is deocha go raibh an fhaill níos ísle ná tá, go bhféadfaidís an talamh do shroistint ós na crannaibh ach bhí cairrg tamall ó bhun na haille, do mheall sí sin iad. Sar a bhuail sí, connacadar so a bhí ar an Rinn, fiú fear na stiúire ag caitheamh na h-ailme uaidh , ag ruith treasna an "deic" fé dhéin an chrainn, ag dul ann anáirde ní fheacathas ach ceathrar de chriú innte. Bhuail sí ar leacan-árthaig, d'iompuig sí ar a cliathán. Bí na fearaibh ar na crainn,greim mar seo acu ar na téada. Thagadh ólaighe agus d'iompuightaí í i slige go dtúmtaí síos ins an bhfairrge na crainn,na fearaibh greamuighthe imeags na dtéad, uair-eannta dhfhanfidís faid gach nfhaid fé'n uisge.Bíodar ag tuiteam duine ar dhuine. Bhí an tríomhadh fear uair, d'fhan sé tamall mór fada thíos sar ar éirig sé arís- an chéad uair eile a tomadh é níor thainig sé aníos in aon chor. D'fhan an ceathrú fear ar na téada, é a iomadh i geómhnuidhe, an fuacht uathbhásach a bhí ann mar i dtosach an carraigh a b'eadh é Doirecheacht na h-oidhche a bhain d'á radharc sa deire é. Bhí sé ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish