School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó Oileán Darbhaire a b'eadh an ministir agus tamall na dhiaidh san nuair a chuaidh muinntir Chinn Áird sall go Darbhaire leis an mbád a d'iarraidh slínn' do Thig Moynahan in Árdamór agus nuair a fuair an mhuinntir thall amach cé'r b'iad féin ba ró-dhóbair go bhfuighidís iad reamharú go maith ach go raibh duine muinntearda éigin ann a dhéin iad a shaoradh. Geallaim-se duit gur dhóbair go mbainfaí cuid se'n mórtas díobh. Pé sgéal é níor tháinig aon mhinistir go Cinn Áird ag bailiú deachú ó shoin agus tá san tímcheall le céad bliain ó shoin. Bhí sean duine i gCinn Áird na dhiaidh san agus nuair a thuiteadh braon díghe air i gcómhnuidhe bhíodh an ceathrú amhráin seo ar siúbhal aige.
"Níor fhan luach ar phic ná ar mhála
Ar bhuaibh, ar ím, ná ar capaille
Clanna Gall ní foláir leó
Go bhfuighidh siad cíos, íoc agus deachaimhthe
'Sa Chlanna Gaedheal do crádhadh sibh
Roim ráidhte fíor na Tairigreachta"Bhí fear eile ann agus nuair a bhíodh aoinne ag cáineadh Muinntir Cinn Áird sé deireadh sé
"Domhnall ÓConnail a bhain anuas an deachú
Ach muinntir Chinn Áird a mhairbh an ministir."
m'athair Pádruig ÓSúilleabháin Cinn Áird , 78D'aithris an sgéal so dom . Is minic a chualadh roimhe seo é ach sgríobhas síos é. Nodlaig 1937- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry