School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)muintir an chailín é do phósadh. Chuaidh sí sin go dtí Ameirica is tréis roinnt blian d'fhill sí abhaile. Bhí seisean ag baile leis san am, is dócha go raibh sé éirighthe as an saighdiúracht.
Bhuaileadar le chéile airís, d'ath-snaidhmeadh an cáirdeas is do pósadh iad. Pósadh iad ach níor lean an grádh. Pé'r domhan é nior thuigeadar a chéile is niorbh fhada go raibh sé 'na sior-chogadh eatorra. Aon mhaidin amháin chuaidh an fear do'n Daingean is nuair d'fhill sé abhaile-- Dia idir sin agus an t-anachain-- bhí a bhean marbh roimis. Ghearr sí a scórnach nó mhairbh sí í féin i slighe éigin. Do cuireadh í agus tháinigh sé thar n-ais do'n tigh, ach ní fhéadfadh sé codladh ann aon oidhche. Bhí sprid na mná ann is thagadh sí i lár na h-oidhche is scannrochadh sí na Túrcaigh. Deirtear go mbíonn sprid an duine a mharbhuigheann é féin i gcómhnuidhe san áit sin--- .i. san áit a bhfaigheann sé bás.
B'éigean do'n bhfear imtheacht as an dtigh sin ach go h-áirighthe. Taréis roinnt blian tháinigh beirt sean-mhaighdean abhaile ó Ameirice is cheannuigheadar an áit. Chuireadar fios ar an sagart , léigheadh Aifreann Naomhtha ann, agus ní fheiceann siad-san sprid ná púca ann.- Collector
- An tSr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 57
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Informant
- Cáit Bean Uí Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry