School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sean-tig follamh ar bhruach na trágha i mBaile'n Reannaigh. Tá sé le feiscint ann fós agus is léir do ghach aoinne nach fothrach é.
Sé seo an scéal a bhaineann leis. Fear darbh' ainm Aodh Ó Curráin a bhí ina chomhnuidhe sa chomharsanacht thóg sé an tig nuadh san roinnt blian ó shoin. Sé an rud a bhí uaidh ná tigh tabhairne d'oscailt ann, mar mheas sé go ndéanfadh sé go maith ann, go gcasfadh na h-iascairí isteach chuige go minic chum braoinín d'ól.
Chaith sé roinnt mhaith airgid leis an dtigh, is nuair a bhí sé criochnuighthe cheannuigh sé trioscán is chuir sé ann é. Annsan chuaidh sé chum cómhnuighe ann. An chéad oidhche thóg sé an leabadh air féin is thuit a chodladh air. Mo bhrón: i lár na h-oidhche dúisigheadh go h-obann é leis an bhfothram. Annsan thosuigh an screadaigh agus an t-ologón agus bhí allus ag teacht ar an bhfear mbocht leis an scannradh. Bhí sé beag-nach as a mheabhair.(continues on next page)- Collector
- An tSr. Eibhlín Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 57
- Occupation
- Bean rialta
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry