School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)

Location:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 550

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 550

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Page 550
  3. XML “Céadach agus Grua Dhearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fúair Díarmaid árthac agus seo leis ar tríall ar an nDomhan Thoir. Níor stad sé ríamh ná choídhche go ndeacaidh sé go dtí an áit ina raibh an chráin. Ghabh se leis na trí banaí agus ní fada bhí se imthigthe núair a bhraith an chráin na banaí imthighte. D’imtigh sí na ndíaidh agus ní mór den slíge bhí Diarmaid imtighte, bhí sí ag teacht chomh dían gearaid sin do agus go mbáthfhadh sí é. Chaith sé chuíche ceann des na banaí agus d’imthig sí go dtí an ngnáthóig leis agus do shocruig sí ann é. D’imthig sí arís na dhiaidh ag tríall ar cheann eile agus bhí sí ag déanamh air chun é féin agus an tárthach a shlogadh núair a chaith sé chúice an dara ceann.
    D'imtigh sí leis an dara ceann agus chuir sí san ngnathóig é agus lean sí an tríomhadh úair é ag lorg an tríomhadh ceann. Bhí sé gearaid don dtír agus an muc na dhiaidh núair adúbhairt Fionn leis go raibh úbhall práis i gcliáthán an árthaig agus é a chaitheamh ar an gcráin. Do fúair sé an túbhall agus thug sé fúithe leis agus do mhairbh. Annsan do chuir sé a ghath ínnte agus do tharaing sé isteach ar an dtraigh leis í.
    Mharbhuigheadar an banbh agus scaoileadh braon den fhuil ar Chéadach agus bhí sé cómh maith agus bhí sé ríamh. Annsan thógadar an damh agus an cráin leo go Cúirt Fhínn. Chúaidh Céadach abhaile go dtí na thig féin agus mhair sé go sona síothcánta as san amach. Núair a thánaig Fionn go dtí an mnaoí a bhí san Séipéal ní raibh ínnte roimis ach na cnámha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Muiris Ó Flaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Cathair Boilg, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Flaithbheartaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cathair Boilg, Co. Kerry