Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 562

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 562

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 562
  3. XML “Scéal ar Chaisleán Ráthanáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Ruadairí Gearalthac chuin cómnaidhthe sa Daingean fadó riamh, gan dabhth daoine saidbhre a bead iadh. As an saidbreas a bhí aca bheartuigheadar ar chaisleán a thógaint ar an gCathair Áird. Bhailig an stíobhairdh a bhí mar cheann ortha ádhbhar fear páig chuin é thógaint. Thángadar agus thosnuigheadar ar a bheith ag réabad. Ní fada a bhíodar ag réabhadh nuair a labhair an ghuth, agus dúbhairt:-
    "A Ghearaltaig óig a rí na reasg,
    Má's mian leat a bheith i gceart,
    Ná thóg do caisleán ó'n gcathair aoird,
    I leabhaidh luighe na bfear"

    Nuair a chualadar an chaint sin d'imthigheadar abhaile agus chuireadar an sgéal inúil do'n stíobhaird ac má chuireadar níor chreidh. Cuireadh aníos an tarna lá iad. Thosnuigheadar ag scartha. Labhair an ghuth arís agus dúbhairt na focail céadna is dúbhairt an chead lá. D'imthigheadar abhaile agus d'ínnseadar an sgéal do'n stíobhaird arís ac tháinig sé féin an tríomadh lá. Do chuir ag réabhad iad. Ní fada a bhíodar ag réabad nuair a labhair an ghuth arís agus dúbhairt:-
    A Ghearaltach Óig a Rí na Riasc srl. Nuair a bhí an méid sin ráidte aige an nguth
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosaimh De Hóra
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tomás De Hóra
    Inscne
    Fireann