Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)

Suíomh:
Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 593

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 593

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean
  2. XML Leathanach 593
  3. XML “Lucht Siúil”
  4. XML “Buachaillí Tuí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is ar phósaidhthe agus ar rinncí abhídís. D'éilidís rinnce, spórt agus ól. Is iad an dream ná fuigheadh aon cuireadh chun dul ar an bpósadh a dheineadh iad féin a ghléasadh in a mbuachaillí tuighe. Tugaidís coirce leó as na gharraidhthe chun iad féin a ghléasadh. Bhíodh hataí árda tuighe ar a gceann aca.
    Téighidís isteach i dtig ba chun iad féin d'ullmhúghadh: Dheinidís a n-aghaidh agus a lámha a dhathú chun ná h-aithneofaí iad.
    Ní bhíodh puinn fáilte rómpa i gcuid dos na tighthe. Ba ghnáthach le cuidh acha díoghbháil a dhéanamh nuair ná faighidís aon deoch. An dream go mbíodh an caitheamh aimsire 'na dtig a dheintí an díoghbháil. Scaolthí a gcuid ba amach ar na bánta. Cuireadh a thuille acha an chairt anáirde ar chlaidhe agus bhainidís na rothanna uaithe.
    I dtighthe eile bhíodh ana fháilte rómpa. Ghéibhidís biadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge