Scoil: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (uimhir rolla 11146)
- Suíomh:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo liosta des na toibreacha beannuighthe atá im cheanntar:Tobar Bhreanthain,
Tobar na Cille,
Tobar an Bhaile Riaig,
Tobar an Athair Mhuiris,
Tobar Naomh Manachán,
Tobar Naomh BrighidTá tobar Bhreanthain suidhthe ar an dtaobh thuaidh do Cilliruith.
Tugtar an turas ann lá Shan Seáin. Seacht tíompaill a tugtar ann, agus deirtear deichniúir den gCoróin gach aon uair a geibhtear tíompall. Seo mar leannas scealta breaga na thaobh: Thug duine eigin ón mbaile uisce as, agus chuir sí ar an dteine é ag beiriúghadh, acht dá mbeadh an t-uisce ar an dteine ó shoin ní bheireóchadh sé, mar bhí breac beag beannuighthe san uisce.
Tá cloch ann agus bhí ana leighs leithe, thug duine éigin isteach í oidhche, agus bhí sí ag an dtobar na h-áit féin ar maidin, déineadh dhá leath dhi na dhiaidh san pé rud a d'imthigh uirthe. Tá tobar na Cille i nDúnchaoin in aice le baile na Cearthmhan tugtar an turas ann lá lé Gobnait. Naoi dtimcheail a tugtar agus deirtear deichniubhar den gcoróinn i ngach timcheall. Tá tobar Naomh Brighid i bparóiste an Fhirthéaraig idir baile an Challa agus baile Agaitse [Eaglaise?]. Do baisteadh é do Naomh Brighid. Tugtar an turas ann lá le Brighde, mar leigheas ar thinneas droma, tá mórán bláthanna beaga ag fás in aice(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muiris Ó Conchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Com an Liaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Conchúbhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Com an Liaigh, Co. Chiarraí