School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)
- Location:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí droichead ann fadó gur b'ainm do Droichead na nGall. Bhíodh alán daoíne marbh taréis na h-oidhche ag spirid a bhíodh dá fheiscint ar an ndroichead so. Chuireadh an spirid ceist ar na daoine agus aoinne ná tabharfhadh freagra ar an gceist dheineadh sí iad a marbhú. Tráthnóna áirighthe bhí fear ag gabháil thar an ndroichead agus do léim an spirid ós a chómhair. Chuir sí ceist air, "Coineal agus coinleóír ann" agus cuir-se leath rann leis sin." D'freagair an file í agus dubhairt:- "An coineal a baintear um Samain do cuireadh sé ceann ar tig" "Coineall agus coinnleóír ann" ar sise arís "agus cuir se leath rann leis sin" An muileann i lár na h-abhann do mheileadh sé thall sa bhus," arsan file. "Coineal agus coinnleóir ann," ar sise an triomhadh babhta, "agus cuir-se leath rann leis sin." "Dá ndeanfá-sa aithrighthe in-am ní bheithfeá mar amhailt (?) annsan." D'imhthig sí mar a shúghadh aon talamh í agus ní fheacatas spirid ná púca i nDroichead na nGall ó shoin.
- Collector
- Dómhnall O Cíobháin
- Gender
- Male
- Address
- Na Ráithíneacha, Co. Kerry
- Informant
- Dómhnall O Cíobháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 65