School: Cill Mhic an Domhnaigh, An Daingean (roll number 11146)
- Location:
- Cill Mhic an Domhnaigh, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo liosta des na toibreacha beannuighthe atá im cheanntar:Tobar Bhreanthain,
Tobar na Cille,
Tobar an Bhaile Riaig,
Tobar an Athair Mhuiris,
Tobar Naomh Manachán,
Tobar Naomh BrighidTá tobar Bhreanthain suidhthe ar an dtaobh thuaidh do Cilliruith.
Tugtar an turas ann lá Shan Seáin. Seacht tíompaill a tugtar ann, agus deirtear deichniúir den gCoróin gach aon uair a geibhtear tíompall. Seo mar leannas scealta breaga na thaobh: Thug duine eigin ón mbaile uisce as, agus chuir sí ar an dteine é ag beiriúghadh, acht dá mbeadh an t-uisce ar an dteine ó shoin ní bheireóchadh sé, mar bhí breac beag beannuighthe san uisce.
Tá cloch ann agus bhí ana leighs leithe, thug duine éigin isteach í oidhche, agus bhí sí ag an dtobar na h-áit féin ar maidin, déineadh dhá leath dhi na dhiaidh san pé rud a d'imthigh uirthe. Tá tobar na Cille i nDúnchaoin in aice le baile na Cearthmhan tugtar an turas ann lá lé Gobnait. Naoi dtimcheail a tugtar agus deirtear deichniubhar den gcoróinn i ngach timcheall. Tá tobar Naomh Brighid i bparóiste an Fhirthéaraig idir baile an Challa agus baile Agaitse [Eaglaise?]. Do baisteadh é do Naomh Brighid. Tugtar an turas ann lá le Brighde, mar leigheas ar thinneas droma, tá mórán bláthanna beaga ag fás in aice(continues on next page)- Collector
- Muiris Ó Conchúbhair
- Gender
- Male
- Address
- Com an Liaigh, Co. Kerry
- Informant
- Cáit Ní Conchúbhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Com an Liaigh, Co. Kerry