Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Kerry
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh sé isteach. Ní raibh istig ach seana-bhean agus sean-duine agus gabhairín ceangailte last-thíos de'n ndoras. D'fhiarr sé loistín na h-oidhche ortha agus fuair.
    Bhí prátaí beirbhighthe aca ar sciath aca agus chuaidh an seana-bhean agus chrúidsi an gabhar agus thug sí an bainne don stróinséar. Nuair a bhi an suipéar thart deineadh leaba tuighe sa chúinne dhó agus chuaidh an bheirt eile síos i seomra.
    Nuair a bhreac an lae bhí an feirmeoir ag ciorrbhadh an bhóthair do féin agus níorbh bhfada gur bhain sé a thig féin amach. Níor leig sé faic air go dtáinig aimsir dínnéar. Thosnuigh an cailín ar an seana phort céanda ach dúbhairt an feirmeóir :
    "Léan uait is ciac bhiodh-sa thiar
    Ní raibh agaibh ach prátaí beirbhighthe ar sciath
    Agus braoinín (??) na dhiaidh".
    Ní dúbhairt an cailín focal as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Ghairbhíghe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Luibhéadh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Íochtarach, Co. Kerry