Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Kerry
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 054
  3. XML “Scéalta Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá lios ar an mbaile seo agus tá sé lán do phúcaí. Deir na sean-daoine go bhfeicidís soillse ann gach oidhche timcheall a deich a chlog agus as san go dtí na dó-dhéag a chlog.
    Do chítí mórán saghas ainmhidhthe leis ann mar giorraithe agus cait. Lá do bhí fear ag cuir prátaí i n-gort atá cois na leasa. Do chonnaic sé an t-ainmhídhe mór bán ag teacht amach as poll a bhí i lár na leasa. Ba deárbhthach le cat é. Do thug sé cúrsa na leasa timcheall agus annsan d'imthigh sé síos tríd an bpoll arís.
    Núair a tháinig an fear abhaile d'inis sé an scéal dá chómharsa. Dubhairt seisean go raghadh beirt aca soir an lá na dhíaidh agus go réabfaidís an poll.
    Tímcheall a haon déag a chlog an lá na dhiaidh chúadar go dtí an lios chum é a réabadh. Do thugadar piocóidí agus slúaiste leo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhathghamhna
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Peats Nic Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Leataoibh Meánach, Co. Kerry