School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 483

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 483

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 483
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Cur amach na bhFirtéarach:- Sa bhliain 1887 do chuireadh Firtéaraig an baile uachtraig amach as a dtighthe & as a dtalamhaintí, toisg ná raibh an cíos á dhíol aca. Taréis iad a chur amach cuireadh báillí i mbun na h-áite. Lord Ventry a dhein an ruaige seo. Bhí na báillí seo ag tabhairt bó leo lá ó Bhaile'n Ghóilín - mara mbíodh Lord Ventry 'na chomhnuidhe - go dtí'n baile uachtrach chun go mbeadh bainne aca dóibh féin, mar ná díolfadh aon fheirmeoir san áit deor bainne fuí amháin leo agus d'fhuaduigheadh an bhó uatha.
    Thángadar chó fada leis an mBuailtín (Baile'n Fhirtéaraig a tugtar ar an mbaile anois) agus d'fhágadar an bhó ar an mbóthar an fhaid is bhíoidar ag ól dighe i dtig tabhairne an hÓraig marabhfuil tig Shéamuis Uí Chatháin anois, agus nuair thángadar amach bhí an bhó sceinnte lei. Deirtear gur bean ó Bhaile'n Fhirtéaraig a thiomán roimpi siar í, agus dar ndóigh go raibh lucht cabhartha ag feithimh lei. Do cheap Seán Ó Duinnshléibhe amhrán mar gheall ar an dtóir seo. Seo cuid de:
    Captaein na luatha ó Baile'n Ghóilín
    Chuir dís de na pílears le tréada
    D'orduigh sé dhóibh a ngnó'dhéanamh cruinn
    Is na ba' chur go Daibhche an Fhirtéaraig.
    Do dhineadar an comhairle an bóthar aníos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Mainín
    Gender
    Female
    Informant
    Diarmaid Ó Curáin
    Gender
    Male
    Age
    52
    Address
    Baile an Reannaigh, Co. Kerry
    Informant
    Pádruig Budhlaeir
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry