School: Cloonacool (roll number 4802)
- Location:
- Cloonacool, Co. Sligo
- Teacher: Seán Ó Blioscáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloonacool
- XML Page 106
- XML “Na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an scannradh ar dtús ach “m’anam ón Diabhail” arsa Patsy “siad na h eallaigh atá ann” - Amach linn. B’fíor dó. Bhi na beithidhigh go léir bailighthe ar an tsráid. Las me an lochrann agus chuaidh le iad a chur isteach. Nuair a thainig an solus gheit Patsy. “Féac” ar seisean agus é ag bagair ar chosa na beithidheach. D’fhéachas agus má d’fhéach nior lugha an t-iongnadh a bhí orm ná mar a bhí air-sean. Bhí na cosa chomh glan. Ní headh ach i bhfad níor glaine is dá mbadh amach as an stábla a bhí siad tar éis teacht. Bi fhios againn nach raibh aon bhealach abhaile ón líos ach an sean-bóithrín ach is againn a bhí fhios nach féidir dul ar an ród sin gan dul go glúin sa gclábar. Cé mar déirigh leis na beithidhigh teacht tar an loch mór uisge a bhí ar gach taobh den lios agus cé mar d’éirigh leó teacht ar an mboithrin salach gan spota amháin a bheith ar a gcrúbaibh? “Nil” arsa an sean-fear “ach aon fhreagra amháin ar na ceisteanna sin. “Rinne mise gar do sideógaibh agus díoladar-san an comhair liom mar siad na daoine maithe iad.”