Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 440

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 440

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 440
  3. XML “Corr na Binn”
  4. XML “Amhráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dá dtiubhrtha sin dom agus oiread sin leíthi,
    Is acra móinfheír i n-aghaidh an tuinn,
    Go mb'fhearr liom-sa acra den mbogach báidhte,
    Atá idir an Máimín is an Trinse Droighean,
    Bheith ag pleidhe le cailíní lá saoire is Domhnaigh
    Is ag siubhal na móinte seo Corr na Binn.
    Is dá mbeadh fhios ag buachaillí deas Gleann Néifin
    Go bhfuil mé annseo i mo luighe tré lag tinn
    Is go moch ar maidin bheadh siad dom iarraidh
    Ar eachaí glégeal is ar cóistí cinn.
    Ghléasfainn féin dóibh fleadh agus feásta
    Is dá bhféadfainn togha an óil
    Is bheadh na céadta ar meisge i n-eindigh
    I dteach 'Tom Daly' i gCorr na Binn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Amhráin

    Ta mo chleamhnas déanta ós san oidhche aréir...

    Tá mo chleamhnas déanta ós san oidhche aréir
    Le caiín is ní mó ná go dtaithnigh sí liom féin
    Fágfaidh mé mé in mo dhiaidh í agus imtheóchaidh me leat féin,
    Amach thíos faoi na h-oileáiní bána.
    Cailín beag óg sí ba mhian liom féin
    Sin agus leaba breagh clumhach ean n-a taobh,
    Buidéál de thogha an fuisce agus gloine le n-a roinnt
    Agus mo stóirín féin a bheith ar láimh liom.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge