School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfairrge é féin agus d'inghean agus iad ag dul go h-Éirinn". Nuair chuala an Scológ é sin d'eirigh sé ar an bpoinnte boise agus fuair sé long faoi riar. D'imthigh sé treasna na fairrge ina ndiaidh. Bhí sé ag teacht suas leo ach chonnaic an inghean an t-athair ag teacht ingar doibh agus ar sise le mac riogh "Tá m'athair ag teacht suas linn agus bháithfidh sé sinn muna mbeidmid indon é bualadh le ceann aca seo" Bhí trí liathróid óir aice "Seo ceann aca duit agus caith leis í agus cuirfidh tú ina chodladh é. Bhéarfaidh an long abhaile é" Chaith sé ceann de na liathróidib leis ach níor bhuail sé é. Bí an Scológ ag teact níos goire dóibh "Báithfidh sé sinn go dearbhtha" ars an inghean muna bhuailfidh tú leis an dara ceann é. Chaith sé an dara ceann ach níor bhuail sé é. "Níl aon mhaith ann" ars sise Níl tú indon é a dhéanamh Chaith sí féin an tríomhadh ceann agus bhuail sí a h-athair leis agus thuit a chodladh air. "Anois" ar sise "Níl dada eile le dul romhainn acht(continues on next page)
- Informant
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Dúráithe, Co. Galway