School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Caithfidh mé dreimire d'fháil" ar seisean "Níl aon dreimire sa domhan sáthach fada le barr an chrainn a shroicint at ná bíodh brón ort déanfaidh mise mo dhícheall duit" ar sise Chuaidh sí anonn cuigh an crann mór. Bhuail sí le slaitín draoidheachta é. Bhí an crann ag laghdú anuas go dtí go raibh sé indon a bharr a shroicint ón dtalamh. "Déan deifir" ars an inghean "mar tá m'athair ag teacht tríd an gcoill agus beidh fearg mhór air má fheiceann sé mise annso" Ba ghearr go raibh an nead ag an mac Ríogh. Thóg sé na h-uibheacha aisti. Chuir sé ina phóca iad agus thug sé agaidh ar tigh na Scolóige.
Nuair tháinig sé isteach bhí iongnadh mór ar an Scolóig. "Is cliste an fear tú mar is iomda gaiscidheach a chaill a cheann faoi an obair seo" ars an Scológ ach beidh obair chruaidh romhat oidhche amáireach." Chuaidh mac an ríogh cun suain annsin agus fuair sé trí greim de n arán donn, deoch den triomhadh leann agus codladh ar chliath-fhuiriste go maidin. D'eirigh sé go moch ar maidin. Bhí sé ag fanacht leis an(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Dúráithe, Co. Galway