School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus muna mbeadh tú indon an nead éin sin d'fháil dom bainfidh mé an ceann díot" "Ó níl moill ar bith orm é sin a dhéanamh" arsa mac an Riogh "Teirigh achodladh anois" ars an Scológ gheobhfaidh tú trí ghreim de'n arán donn trí dheoch de'n triomhadh leann agus codladh ar an gcliath fuiriste go maidin
D'éirigh mac an Ríogh go moch ar maidin. Chuaidh sé go dtí an choill. Chonnaic sé an crann agus an nead thuas ina bharr Ars seisean leis féin "Sin é an crann is mó a chonnaic mé ariamh agus ní bheidh mé indon é a fháil go deo. Thug sé iarracht a dhul suas go barr an chrainn ach nuair bhí sé píosa beag suas thuit sé anuas arís. Bhí sé mar sin ar feadh leath an lae agus bhí sé sáruigthe amach. Shíl sé go gcaitfeadh sé tabhairt suas. Bí inghean na Scolóige agus a cuid ban freastal ag siubhal sa gcoill. Chonnaic sí é. Bí truagh aice dó. "Anois" ar sise "tá tú sáruighte amach agus ní bhfuighidh tú an nead mar sin go deo"(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Dúráithe, Co. Galway