School: Coill Maolacáin (roll number 12644)

Location:
Béal Átha na mBreac, Co. Galway
Teacher:
Anna M. Ní Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 296

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 296

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Maolacáin
  2. XML Page 296
  3. XML “Fear agus a Mhac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus a mhac in-a gcomhnaidhe i dteach mór i gCon-Mac na Mara fadó. Bhíodh an mac amuigh ag imirt gcárta 'cuile oidhche agus bhíodh se a trí a chlog nuair a thiúcfadh sé abhaile. Bhí an t-athair ag éirigh an fearagach leis. Oidhche amháin sul ar d-imthigh sé amach, Dubhairt sé leis. "Mara a mbeidh tú istigh roimh deich a chlog anocht ní thiúcfadh tú abhaile coidhche. Ní chuir an mac aon aird air.
    D'imthigh sé leis. Bhí sé ag teacht abhaile an t-am céadhna agus bhíodh sé ag teacht 'cuile oidhche. Acht, bhí cat bán in-a luigh treasna an bhóthair. Léim sé suas agus stróic an cat uilig é. Nuair tháinig sé isteach go dtí a h-athair, Bhí a éadan dearg le fuil agus dath gorm air.
    Fuair sé an sagart and d'innis siad an sgéal dhó. Dubhairt sé go mbéadh sé go maith acht gan fanacht amuigh deireannach aon oidhche arís go deó. D'eirigh sé as. Níor d'fan sé amuigh tar-éis deich a chlog aon oidhche arís go bráth.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Stancháird
    Gender
    Female
    Informant
    Eilís Ní Mháille
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    72
    Address
    Béal Átha na mBreac, Co. Galway