Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 340
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-ám is mó sa mblíadain a pósann's daoine san áit seo ná tar éis na Nodlag. Sé an nós at aca, Ní leigeann sé a rún lé aon duine nó go mbíonn sé cinnte faoí an scéal Tugann an fear duine dá cáirde in-éinfeacht leis agus amannra bíonn buidéal uisce-beatha aca. Nuair a bíonn siad píosa istig ad innseacht scéabha agus ar deire iarrainn an fear seo an bean. Bíonn siad ag cainnt píosa fá an mnaoí. Faifruigheann athair na mná don fear a bhfuil aon talamh aige agus innseóad an fear a bhfuil de thalamh agus de bheidhithigh aige.
Má bíonn an bean agus an t-athair sásta déantar cleamnas an oidhche sin. Iomdha duine a phósann's agus ní bhíonn aon cleamnas aca Bíonn ceol agus spraoí idteach na mná an oidhche a mbionn an cleamnas ann.
Fiafruigheann an fear don athair an bhfuil aon spré lé fágail ag an inghean agus má bíonn talamh agus beighithigh ag an bhfear ceana fágann an t-inghean airgead. Bíonn páipéar pósta fáighte ceana aca ón sagart(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Chorraidhín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14