Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 320
- XML “Scéal an Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dreám annseo fadó tá tuairim's céad bliadhain ó shoin. Sé an áit a raibh siad ina gcomhnaide ar na leacracaí móra i Dtír an Fhíaidh. Bhí go leór airgid aca agus ba geárr ina dhiaidh sin gur éirigh dreám aisteach amach ag tóruigheacht airgid. Bhí fear ann agus chuir sé a chuid airgid síos i bpota agus báth sé sa loch é. Sé an t-ainm atá ar an loch indiú "Loc an Ideáin" Deir siad go bhfuil easnamh nimhe dhá fhaire. Is iomhdha duine a chuaidh dhá cuartú agus bhain an easgan greim as. Bhí na daoine ag rád dhá mbeidís indon an loch a leigean le fánaidh go mbéadh an císte óir acha Is i nDoirín Darach atá an loch sin anois. Deir scan daoine na Tráige Báine go raibh Caisleán déanta annseo san tSean aimsir agus deir siad gur cineál Fianna a thóig é. Lá amháin bhí an cailín fágtha ins an gcaisleán, léithe féin agus deir siad go raibh go leor airgid san gCaisleán. Tháinich trúir fear nuair a fuaireadar na Fianna imthighthe agus ghoid siad a raibh d'ór agus d'airgead aca. Bí go mair, nuair a fuair an cailín an t-airgead imthighthe thosuigh sí ag glaodach ar na Fianna le linn iad a bheith ag goid an airgid thárla go dtáinic na Fianna agus rít siad indhiaidh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Cóilín Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 29
- Seoladh
- An Trá Bháin, Co. Galway