School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 133
- XML “Galraí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teanga sionnaigh agus cuireadh siad leis an deilg san oidhche é agus bhíodh sé amuigh ar maidin.
Nioscóid:- 'Sé an leigheas is fearr a bhí le h-aghaidh nioscóideachai craiceann giorrfhiaidh.
Nuair a théigheadh doine ag iarraidh arthai na ndathachai fiacal séárd a deirti leo
Arthú na ndathachai fiacail,
Arthu gan iarraidh gan athchuinge,
An arthu a chuir Peadar do Dhiarmaid,
Do chuid fiacal do chur síos id' charbaid.
Cos leónta:- Dá leónfá do chus ní raibh rud ar bith níos fearr ná do chos a chur faoi eas agus cead ag an uisce bheith ag dóirteadh anuas uirthi go mbeadh tú go maith.
Sgoltachai:- Ba é an leigheas a bhí ag na sean-daoine fadó, an tús a' phota a thiocfadh anuas agus é a chur ar a gcosaibh agus bheadh siad go maith annsin. Acht caithfidh siad biseach fhághailt anois dhá uireasbhaidh.
Leigheas an phóit:- Ba é leigheas an phóit fadó ól aríst. Agus sé an sean-fhocal a bhí acu fadó do sin ná(continues on next page)- Informant
- Beairle Cuimín
- Other names
- Beairle Cuimín
- Beairtle Ó Flaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway