School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 122
- XML “Talmhaí, Táilliúr agus Gréasaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)imthighthe gach oidhche agus culaith éadaigh le fear eile air is nach ndéanfadh sé faic. Maidin lá ar na mhárach bhí an bhean shiubhail ag imtheacht. Dubhairt bean a' tighe nach raibh aicí le tabhairt dí acht píosáin leathair.
D'imthigh leis an mbean shiubhail gur bhuail sí isteach i dteach an táilliúra. Fuair sí lóisdín go maidin agus nuair a bhí sí a imtheacht ar maidin thug bean a' tighe píosáin fhlainnín dí. Bhuail sí bóthar agus an dá phíosa aicí nó go dtáinic sí isteach i dteach an talmhaidhe agus chuir bean a' tighe céad míle fáilte roimpí agus réidhtigh feóil agus fátaí dí. Ar maidin d'imthigh sé léithí agus bhain sí an baile amach. Bhí go maith go dtáinic an oidhche agus gur bhuail an triúr isteach. Shuidh an talmhaidhe i gcúinne in aice an dorais agus chuaidh an gréasaidhe agus an táilliúr síos chuig an teinidh. Is gearr gur réidhtigh an bhean óg béilidh. Thug sí feóil agus fataí do'n talmhaidhe. Thug sí píosa leathair do'n gréasaidhe agus rúinne éadaigh do'n táilliúr. Nuair a chonnaic an(continues on next page)- Informant
- Seán O Máille
- Gender
- Male
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway