School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-](continues on next page)
- An Sean-fhear agus an Sean-bhean.
Bhí sean-fhear agus sean-bhean ann fadó. Lá amháin dubhairt an sean-bhean leis an sean-fhear a dhul amach agus béilí fataí a bhaint. Chuaidh sé amach agus níor bhain sé acht cúpla ceann. Dubhairt sí leis muna mbainfeadh sé a ndíol féin agus díol na muice a bhí ar an urlár go ngabhfadh sé 'ig an sgoil amáireach.
Chuaidh sé amach agus níor bhain sé acht cúpla ceann. Dubhairt sí go gcaithfeadh sé dhul chuig an sgoil amáireach. Lá 'r (na) bháireach d'imthigh sé leis.
Ní raibh sé i bhfad ó'n teach gur chas sparán airgid leis. Chuaidh sé go dtí an sean-bhean arís agus bhí sí leis gur mheall sí an t-airgead uaidh. Dubhairt sí leis a dhul amach agus béile fátaí a bhaint. Chuaidh sé amach agus níor bhain sé acht cúpla ceann. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé dhul chuig an sgoil arís lá'r na bháireach.
D'imthigh sé leis lá'r na bháireach agus chas fear leis san áit chéadna(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Cuáláin Phádraic
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway