Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 082
- XML “Ridire Leathchaoch Leathrua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tighe ag breathnughadh ar a chlann mach.
'Céárd atá tú á dhéanamh annsin" adeir an Ridire. "Ag breathnughadh ar mo thriúr mac atá amuigh ag fiadhach" a fhreagair sé. Ní rinne an Ridire acht dorna a bhualadh air agus bhain sé trí fiacla as. Chuaidh an t-athair isteach agus luigh sé ar a leabaidh agus lámh a[ ] a bhéal aige. Tháinic an triúr mac isteach agus d'fhiafruigh siad cá raibh a n-athair.
Ghlaoidh sé ar Ártúir, an mac is sine. "Ceárd a dhéanfá le fear a bhainfeadh trí cinn d'fhiachlaí as t-athair", a d'iarr sé air. "Mheilfinn faoi bhróití é agus chuirfinn do sheideóig dho'n domhan thoir é" a dubhairt Artúr.
Ghlaoidh sé siar ar an darna mac. "Ceárd a dhéanfá le fear a bhainfeadh trí cinn d'fhiaclaí as t-athair". Séard deir seisean "Mheilfinn faoi bhróití é,
Dhamhsóchainn faoi mo chosaibh é,
Tharrneóchainn faoi chapall é
Agus chuirfinn dho'n domhan thoir é".
"Is maith sin" ars an t-athair.
Ghlaoidh sé siar ar an tríomhadh mac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Tuathail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Gleann Trasna, Co. Galway