Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 083

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 083

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 083
  3. XML “Ridire Leathchaoch Leathrua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Ceárd a dhéanfá le fear a bhainfeadh trí cinn d'fhiachlaí as t-athair". "Dhéanfainn mó dhícheall air", a deir sé. "Gabh síos as seo, ní mac liom-sa chor ar bith thú, adeir an t-athair go feargach.
    Ar maidin d'fheistigh an bheirt mhac suas iad fhéin agus ní raibh siad ag leigean Lá nDearg, an mac ba óige, leo chor ar bith. D'imthigh leo. Bhí trí chapall agus trí chlaidheamh acu. D'imthigh leobhtha go mbéarfaidís ar an ngaoith mhárta a bhí rómpa sul dá mbéarfeadh an ghaoth mhárta a bhí 'na ndiaidh ortha. Choinnigh siad suas an siubhal sin go raibh an drúct ag tuitim ar an gcupóig. Bhí éanachai beaga na coille ag dul 'un suain agus i mhór-chodlata go dtáinic siad isteach i dteach Áint dóibh.
    "Fáilte roimhe an aois", a thosaigh bean a' tighe, "agus fáilte roimh an óige". Céad míl fáilte roimh Lá nDearg, Rí Éireann as Éirinn amach." Chaith siad an oidhche sin trian le fianaidheacht agus trian le sgéalaidheacht gan biadh ar bith tur go maidin. D'éirigh siad agus nigh siad iad fhéin agus d'ith siad a mbricfeásta. "Muise, ar mhiste dhom fiafruighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamas Ó Tuathail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Gleann Trasna, Co. na Gaillimhe